Séanadh
Dearadh an suíomh gréasáin seo chun eolas a thabhairt don phobal faoi ról an Bhoird um Réiteach Díobhálacha Pearsanta agus chun oideachas a chur orthu ina leith.
Tá an suíomh gréasáin seo ceaptha mar threoir amháin agus ní mhaítear gur léiriú dlíthiúil é ar Achtanna an Bhoird Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003 (arna leasú), ná ar aon reachtaíocht thánaisteach a rinneadh de bhun na nAchtanna sin. Déantar gach iarracht a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis ar ár suíomh gréasáin cruinn; áfach, ní ghlacaimid freagracht as earráidí, easnaimh ná ráitis mhíthreoracha ar an suíomh gréasáin ná ar aon suíomh gréasáin eile a bhfuil nasc chuige ón suíomh gréasáin seo.